Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 6:6

An Bíobla Naofa 1981

Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.

Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.

Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh

Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.

Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m'fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,

Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.

Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil.

Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.

Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall.

Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm?

Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.

An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost

Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.

Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.

An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh.

Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?

Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht

Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,

agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint.

agus sibh a bheith lán d'uirísle, de láchas agus d'fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile

Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.

is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.

Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.

Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.

Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.

Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí.

I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.

an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim

Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.

Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.

Dúirt Dilíleá leis: “Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí