Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.
Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.
Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”