2 Corantaigh 4:8An Bíobla Naofa 1981Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas; Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.