Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.
Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.
Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.
Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.