Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 4:18

An Bíobla Naofa 1981

Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,

Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid.

Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.

Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.

Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí