ach sibhse a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhórán.
Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.
Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.