Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 4:11

An Bíobla Naofa 1981

Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh, scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.

nach mbeadh a fhios sin ag Dia? Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.

Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.

Mar atá scríofa: “Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”

Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis.

Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.

Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeadh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith.

Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse.

Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.

Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí