Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 3:18

An Bíobla Naofa 1981

Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.

Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;

A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.

Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.

i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid.

Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é;

Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.

Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann.

is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.

An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua.

agus nádúr nua curtha umaibh - nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air.

atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.

Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.

Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán;

A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí