Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 3:16

An Bíobla Naofa 1981

ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ach nuair a théadh Maois isteach i láthair an Tiarna chun labhairt leis, bhaineadh sé an brat de go dtí go dtagadh sé amach arís. Agus nuair a thagadh sé amach, d'insíodh sé do chlann Iosrael na horduithe a d'fhaigheadh sé.

agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir, agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;

An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall.

Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.

Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”

Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna.

Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann.

Sea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n‑aigne nuair a bhíonn Maois á léamh dóibh,

má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán.

I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí