Ní ionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamhbhuan úd ag tréigean.
Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.
Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.
An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,
Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t‑ábhar féin.