Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 2:10

An Bíobla Naofa 1981

An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.

Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”

mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa

An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis,

Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí