Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,
Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.
Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.