Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 13:7

An Bíobla Naofa 1981

Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc - ach ní d'fhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach d'fhonn is go ndéanfadh sibhse an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.

agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad.

Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;

Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil.

Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad.

Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Airiostobúlas.

Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n‑aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh.

“Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”

mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne.

Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin.

Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa.

ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;

Mar is é ár n‑aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.

Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.

Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.

le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.

Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.

agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.

Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.

Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí