Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 12:9

An Bíobla Naofa 1981

ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.

A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d'ainm ar fud na cruinne! Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha

tá spiorad an Tiarna ag lonnú air, spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna. (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)

Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.

Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’

Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.

Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.

Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.

Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d'uamhan agus d'eagla.

i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.

Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé.

Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.

Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm?

Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí.

Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní

Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa.

mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí