Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 12:11

An Bíobla Naofa 1981

Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é; déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.

Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”

Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.

Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,

Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin.

Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaimse. Déanaigí sin, más ea.

Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin.

Tá comharthaí an aspail curtha i gcrích le barr foighne in bhur measc le míorúiltí agus le hiontais agus le fearta.

Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam á insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim.

An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh?

Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libhse é.

Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé.

Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí