Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 11:13

An Bíobla Naofa 1981

Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;

Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.

Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t‑aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh;

Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”

Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n‑aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.

Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d'fhonn deisceabail a mhealladh chucu.

mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.

Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha.

Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.

Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.

Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.

ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;

Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.

Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d'aidhm acu ach go n‑éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost.

Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

Is minic ráite agam cheana libh - agus deirim libh anois é go deorach - go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost.

Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp!

Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.

Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.

A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil - uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann.

A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.

Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.

Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.

Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí