Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é,
Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,
Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.
Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin,
An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé á dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne.
An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d'aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil.
Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh.
agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.
ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.