Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.
Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.
Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun bheith bródúil asainn, d'fhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit bheith bródúil as a mheon.
Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”