Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.
Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís -
Agus is ag dul i méad atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a d'fháiltigh sibh roimhe.
Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.