Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 1:8

An Bíobla Naofa 1981

Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.

Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,

Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.

Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”

mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre - agus tá naimhde go leor agam.

Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.

Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh.

Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.

Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”

Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí