Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 1:15

An Bíobla Naofa 1981

Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.

Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh d'fhonn sibh a neartú,

agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh.

Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé.

Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é.

Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte.

Seo anois an tríú huair dom a bheith réidh chun teacht chugaibh. Ach ní chuirfidh mé aon chostas oraibh mar ní hé bhur gcuid atá uaim ach sibh féin. Tar éis an tsaoil níl d'fhiacha ar leanaí stór a chur i dtaisce dá dtuismitheoirí ach is ar na tuismitheoirí atá sé d'fhiacha stór a chur i dtaisce dá gclann.

Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí