1 Tiomóid 6:16An Bíobla Naofa 1981an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.