An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.
An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.
Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d'fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.
Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.
San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil.
D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.
Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach.
Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d'fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.
Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile,
Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n‑ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha.
Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.
Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”