Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.
“Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.
D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”
Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.
Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”