Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc,
Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” D'fhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”
Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise; cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa. Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!
Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”
Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta.
Beannaígí do Thrufaena agus do Thrufósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna.
Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.
mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.
Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 30 mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.
agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.
Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d'fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.