D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”
Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.