Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh,
Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,
Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.
An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh.
Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.