Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Tiomóid 2:3

An Bíobla Naofa 1981

Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.

agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.

An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.

agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.

Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.

ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.

Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.

Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.

Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.

Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire

Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.

Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n‑iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí