Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.
D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.
Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh,
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.
Is eol dom d'oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d'fhoighne, agus go sáraíonn d'oibreacha le déanaí ar d'oibreacha a chéaduair.