Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Tiomóid 1:16

An Bíobla Naofa 1981

agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m'eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].

Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é.

Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.

Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d'íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b'fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.

Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”

Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”

Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.

Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”

An té a itheann m'fheoil agus a olann m'fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.

agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu.

Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.

Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.

Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.

a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.

trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.

d'fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa.

an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh.

cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.

Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.

Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,

Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí