Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 9:9

An Bíobla Naofa 1981

(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bhí na leanaí ag imreas ina broinn, agus dúirt sí: “Más mar sin atá, cad ab áil liom a bheith beo?” Chuaigh sí i gcomhairle leis an Tiarna dá bhrí sin,

Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:

Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”

Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:

Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh.

Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí,

Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta.

Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.

Ansin a tháinig Hanáiní an físí go hÁsá rí Iúdá agus dúirt leis: “De bhrí nach raibh muinín agat as an Tiarna do Dhia, ach as rí Arám, sleamhnóidh arm rí Arám as do láimh.

Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.

Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;

Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin.

Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t‑iomlán cá mbeadh an boladh?

Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”

Dúradar leis ansin: “Téigh i gcomhairle leis an Tiarna, le do thoil, agus faigh amach dúinn an rithfidh linn sa turas seo ar a bhfuilimid ag triall.”

Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí