Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 9:7

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”

Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.

Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”

Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.

Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”

D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.

Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m'íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.” Agus d'fhreagair seisean: “Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí