Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 9:26

An Bíobla Naofa 1981

Le breacadh an lae ghlaoigh Samúéil ar Shól ar dhíon an tí: “Bí i do shuí,” ar sé, “go seolfaidh mé ar do bhealach thú.” D'éirigh Sól agus chuadar beirt, é féin agus Samúéil, amach ar an tsráid.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.

Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]

Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: ‘Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: “Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.”

Dúirt sé léi: “Bí i do sheasamh, ní foláir dúinn imeacht,” ach freagra ní bhfuair sé. Ansin d'ardaigh sé ar dhroim a asail í, agus chuir chun bóthair abhaile.

Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]

Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: “Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n‑inseoidh mé briathar Dé duit.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí