Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann.
Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh - is gráin dearg leo é sin.
Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.
D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”