D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”
Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite; mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.
Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.
Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.
Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”
Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann.