Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”
Ansin thug sé treibh Bhiniáimin i láthair, fine ar fhine, agus thit an crann ar fhine Mhatraí; ansin [ar deireadh thug sé fine Mhatraí i láthair ina nduine agus ina nduine] agus thit an crann ar Shól mac Chís. Chuadar á lorg ach ní raibh sé le fáil in aon áit.
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”
Chuaigh asail Chís, athair Shóil, ar strae, agus dúirt Cís lena mhac Sól: “A mhic, tabhair leat duine de na seirbhísigh, agus cuir chun bóthair; imigh leat a chuardach na n‑asal.”