Dhruid Sól le Samúéil sa gheata agus dúirt: “Inis dom, más é do thoil é, cá bhfuil teach fhear na bhfíseanna?”
Nuair a chonaic Samúéil Sól, dúirt an Tiarna leis: “Sin é an fear a dúirt mé leat! Sin é an té a bheidh ag rialú mo phobail.”
D'fhreagair Samúéil Sól: “Mise fear na bhfíseanna. Gabh suas romham don ardionad. Íosfaidh sibh bia liomsa inniu. Scaoilfidh mé uaim thú ar maidin amárach agus inseoidh mé duit a bhfuil ar d'intinn agat.