ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.
D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”
Ghabhadar suas chun na cathrach, dá bhrí sin, agus ag dul an geata isteach dóibh, chonaic siad Samúéil ag teacht amach ina dtreo agus é ar an tslí suas don ardionad.