D'fhreagair na cailíní: “Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu.
agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.
Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.
D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’
Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.
Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’