Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”
Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.
Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.
“Ní féidir dúinn é,” ar siad, “go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.”
Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n‑athar.
le gártha lúcháire an phobail, Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce. Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd, As beannachtaí a réimis in Iosrael. (Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)