Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 9:10

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

agus d'fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D'fhreagair sé: “Ag lorg na n‑asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.”

Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”

(Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí