Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 8:5

An Bíobla Naofa 1981

“Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Feicim é ó bharr na sléibhte, agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é: Pobal ag maireachtáil leo féin, nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.

“Ina dhiaidh sin d'iarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain.

Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: “Bí i gceannas orainn - thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d'fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.”

Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”

Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d'iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.

Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”

As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.

Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí