D'éist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus d'aithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.”
Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna.
Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.