Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.”
Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
Óir is pobal tú atá coisricthe don Tiarna do Dhia; is tú a thogh an Tiarna do Dhia as na ciníocha uile ar chlár na cruinne le bheith i do phobal ar leith aige féin.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.
As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.
“Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”