Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 8:11

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.

Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.

Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.

Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis: “Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú duinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.

“Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.”

Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.

Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.

Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin.

Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.

“A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,

Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí