Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór,
ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.
Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.