Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.
mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.”
Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.
Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin.