Leagadar áirc Dé ar charr nua, agus thugadar leo í ó theach Aibíonádáb atá ar an gcnoc. Bhí Uzá agus Aichíó, clann mhac Aibíonádáb, ag tiomáint an chairr nua.
“Seo reacht den dlí a d'aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.
Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige.