1 Samúéil 6:3An Bíobla Naofa 1981D'fhreagair siad: “Má chuireann sibh áirc Dhia Iosrael ar shiúl, ná cuirigí ar shiúl folamh í; ní foláir daoibh ofráil chiontachta a íoc leis. Ansin leigheasfar sibh agus beidh a fhios agaibh cad chuige nach gcasfadh a lámh uaibh.” Féach an chaibidil |
Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.