Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”
Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia.
uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.
Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).
Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.
Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.